Acts 15:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do chonncas do na habsdalaibh agus do na sinnsearaibh, maille ris a neagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur go Hantíochia lé Pól agus lé Barnabas; eadhon, Iúdas dar comhainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrdheirc eidir na bráithreachuibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do shocruigh na h‐abstail agus na seanóirí ar dhaoine do thoghadh as a gcuideachtain féin, agus a seoladh go h‐Antuaigh i n‐éinfheacht le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugadh Barsabbas, agus Sílas, fir tosaigh i measc na mbráithreach:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tuigeadh ansin do na haspail agus do na cruifreacha, maraon leis an eaglais uile, nár mhiste fir a thoghadh as a measc féin agus a gcur go hAntíoc i gcuideachta Phóil agus Bharnabais. Agus chuir siad Iúdás dá ngairtí Barsabas agus Sailas, a bhí ina gceannairí i measc na mbráithre,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ard-chéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí ‘Barsabas’ agus Síleas.