Acts 15:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dó bhrígh go gcúalamar, go ndeachadar dáoine áirighe úáinne noch do bhuaidhir sibhse lé briathruibh, agus do chláochluidh bhur ninntinne, dá rádh ribh, Bheith ar bhur dtimcheallghearradh, agus an reachd do choimhéud: dá nach dtugamar a leitheid sin dáithne:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
De bhrigh gur clos dúinn go ndearna daoine áirithe do chuaidh amach uainn buadhirt daoibh le cainnt, ag cur mío‐shuaimhnis aigne oraibh; gan aon órdú d’fhágháil uainne:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó tháinig scéal chugainn go bhfuil daoine áirithe dínne i ndiaidh buairt a chur oraibh lena mbriathra, agus bhur n‑intinn a shuaitheadh, siúd is nár ordaíomar dóibh aon ní den sórt a dhéanamh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.