Acts 15:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin do chuireamar chuguibh Iúdas agus Sílas, noch ínnéosas na neithesi as béul mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin do chuireamar Iúdás agus Sílas, agus inneosaidh siad féin le briathraibh béil na neithe céadna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Táimid i ndiaidh Iúdás agus Sailas a chur chugaibh mar sin, agus gheobhaidh sibh an scéal céanna ina mbéalsan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siadsan an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siad-san an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh.