Acts 15:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na séoladh do neagluis, do ghabhadar tré Pheníce agus Shamária, ag innisin fhillte na Gcineadhach: agus do chuireadar lúthgháir mhór ar ná bráithribh uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’imthigheadar, mar sin, agus lucht na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ghabhadar tré Fhoinicia agus tré Shamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuigheadh na Cineadhacha: agus do chuireadar áthas mór ar na bráithreachaibh go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼimigh siad mar sin agus an eaglais á gcomóradh, agus chuaigh siad trí Fhéinícia agus trí Shamária freisin, agus iad ag tabhairt tuairisce ar iompú na nGintlithe chun creidimh, agus chuir siad lúcháir mhór ar na bráithre uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d' aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh tríd an bhFéiníc agus tríd an tSamáir, dʼaithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.