Acts 15:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do fhan Pól agus Barnabas fós a Naintíochia, ag teagusg agus ag soisgéulughadh bhreithre an Tighearna, máráon fós ré mórán eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhan Pól agus Barnabas i nAntuaigh, ag teagasc agus ag craobhscaoileadh briathair an Tighearna, agus mórán eile ag cuidiú leo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dʼfhan Pól agus Barnabas in Antíoc, ag teagasc agus ag seanmóireacht bhriathar Dé, iadsan agus mórán daoine eile leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna.