Acts 15:36 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a ndiáigh láetheadh áirighe a dubhairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuchain ar mbráithreach atá ann gach áon chathruigh ann a ndearnamar bríathar an Tighearna do sheanmóir, cionnus atáid síad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar éis tamaill adubhairt Pól le Barnabas, Fillimís anois le cuairt do thabhairt chum na mbráithreach atá ins gach cathair ’n‐ar chraobhscaoileamar briathar an Tighearna, d’fhéachain cionnas atá ag éirghe leo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tamall de laethanta ina dhiaidh sin arsa Pól le Barnabas, “Tar liom anois, go bhfillimid agus go dtugaimid cuairt ar gach cathair inar fhoilsíomar briathar Dé, go bhfeicimid cad é an bhail atá orthu.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: «Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: “Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.”