Acts 15:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do éirigh easáonta eatorra, a gcrúth gur sgaradar ré chéile: achd rug Barnabas Marcus leis, agus do chúaidh sé a luing go Cíprus;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin d’éirigh easaontas géar eadortha, i dtreo gur scaradar le chéile, agus thug Barnabas Marcus leis, agus chuaidh sé ar luing go Cuprus;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼéirigh achrann searbh eatarthu, i dtreo gur scar siad le chéile; ghlac Barnabas Marcas le bheith leis agus sheol sé leis go dtí an Chipir,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thóg Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thug Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir;