Acts 15:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndéunamh móráin diosbóireachda dhóibh, déirigh Peadar súas, agus a dubhairt sé ríu, A fheara agus a bhraithreacha, atá a fhios aguibhsi gur thog Día eadruinne fada ó shin, go gcluinfidis na Cineadhacha briathar an tsoisgéil as mo bhéalsa, agus go gcreidfidís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar éis diospóireachta fada, d’éirigh Peadar ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leo, A bhráithreacha, is eol daoibh go ndearna Dia toghadh eadraibh, tamall maith ó shoin, gur as mo bhéal‐sa do‐chluinfeadh na Cineadhacha briathar an tsois céil agus go gcreidfidís.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus i ndiaidh mórán plé a bheith acu faoi, dʼéirigh Peadar ina sheasamh agus dúirt sé leo, “A bhráithre, is feasach daoibh go ndearna Dia rogha asaibh i bhfad ó shin, go gcluinfeadh na Ginlithe briathar an tsoiscéil ó mo bhéalsa agus go gcreidfeadh siad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis conspóide fada d' éirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: «A bhráithre,» ar seisean, «tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéalsa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis conspóide fada mʼéirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéal-sa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann.