Acts 16:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sinn táinic sé go Derbe agus go Listra: agus, féuch, do bhí deisciobal áirighe ann sin, dar bhainm Timotéus, mac mhná áirighe, dheaghchreidmhighe don chineadh, Iúduidhe; agus bá Gréugach a athair:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féach, do bhí deisceabal annsin, darbh ainm Timóteus, mac mná Iúdaighe go raibh an creideamh aici; acht ba Ghréagach a athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig sé go Listra agus Derbé freisin. Bhí deisceabal ansin, arbh ainm dó Timótéus, mac máthar Banghiúdaí a bhí ina creidmheach; ach ba Ghréagach a athair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t-athair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm ‘Tiomóid’. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t-athair.