Acts 16:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar do chonnuircsé an taidhbhsi, do shantuigheamar ar an mball dull go Macedónia, óir do thuigeamar gur bhé an Tighearna do ghoir sinn chum an tsoisgéil do sheanmóir dhóibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic sé an aisling, do cheapamar ar an láthair imtheacht fá dhéin na Maiceadóine, agus a dheimhin againn gur ghlaodh Dia orainn an soiscéal do chraobhscaoileadh dhóibh ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní luaithe a bhí an aisling feicthe aige ná thugamar iarraidh ar dhul ar aghaidh linn go dtí an Mhacadóin, ag teacht ar an tuairim gur ghlaoigh Dia orainn leis an soiscéal a sheanmóireacht dóibh siúd.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní túisce a chonaic sé an aisling ná a chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.