Acts 16:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ag seóladh dhúinn ó Thróas, tangamar go díreach go Samotrácia, agus lá ar na mhárach go Neápolis;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do sheolamar, d’á bhrigh sin, díreach ó Thróas go Samotrácé, agus go Néapólis an lá ’n‐a dhiaidh sin:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Sheolamar mar sin ó Thróas; agus cóir linn caoldíreach go Samotrácé, agus an lá ina dhiaidh sin go Néapolis,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuamar ar bord loinge i dTróas agus ceann ar aghaidh as sin go Samotráicé agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuamar ar bord loinge i dTróás agus ceann ar aghaidh as sin go Samatracae agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil