Acts 16:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus bean áirighe dár bhainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcathruigh na Dtiatirach, noch do onóruigheadh Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tighearna a cróidhe, chum aire do thabhuirt do na neithibh a dubhairt Pól.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí bean darbh ainm Lidia, bean díolta corcra ó chathair Thiatíra, do bhíodh ag adhradh an Aon‐Dé, do bhí sí ag éisteacht linn: d’fhoscail an Tighearna a croidhe chum aire do thabhairt d’á raibh ag Pól d’á rádh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí ar na mná a bhí ag éisteacht linn bean a raibh Lidia mar ainm uirthi, ceannaí datha corcra as cathair Thíatíra, a bhíodh ag adhradh Dé. Bhog Dia a croise le haire a thabhairt ar an méid a bhí á rá ag Pól.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Tíaitíora darbh ainm Lidia. Bean chráifeach ba ea í agus d' oscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh á rá ag Pól.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Thiáitire darbh ainm ‘Lidia’. Bean chráifeach ba ea í agus dʼoscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh dá rá ag Pól.