Acts 16:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ngabháil bhaisdidh, dhi féin agus do luchd a tighe, do ghuidh sí sinn, ag rádh, Má mheasdáoi go bhfuilim díleas don Tighearna, tigidh, do dhéunamh comhnuidhe dom thigh. Agus do choimhéigni sí sinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí sí féin agus muinntear a tighe baistthe, do chuir sí impidhe orainn, g‐á rádh, Má’s é bhúr meas go bhfuilim dílis do’n Tighearna, tagaidh isteach agus fanaidh im’ thigh. Agus do chuir sí d’fhiacaibh orainn dul.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a baisteadh í féin agus a teaghlach, dʼagair sí orainn, agus dúirt sí, “Má mheasann sibh go bhfuil mé dílis don Tiarna, tagaigí agus fanaigí i mo theachsa.” Agus níor ghlac sí le diúltú uainn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: «Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.» Agus chuir sí d' fhiacha orainn dul isteach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, dá rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí dʼfhiacha orainn dul isteach.