Acts 16:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh sí, ag rádh, Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, moch shoisgéulas dáoibh slighe na sláinte.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do lean sise Pól agus sinne, ag glaodhach go h‐árd, g‐á rádh, Seirbhísigh do’n Dia is Áirde na fir sin, agus atáid ag fógairt slighe an tslánuighthe dhaoibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Lean sí Pól agus sinne, agus í ag glaoch in ard a cinn, “Seirbhísigh an Ard-Dé mhóir iad na fir seo, a fhoilsíos daoibh slí an tslánaithe.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: «Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,» a deireadh sí, «agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe dá fhógairt acu daoibh.”