Acts 16:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rinne sí so mórán do laéthibh. Achd do ghoill sin, ar Phól, agus dfill sé air ais agus a dubhairt sé ris a spiorud, Aithnighim dhíot a nainm Iósa Críosd teachd amach aisde. Agus ar a núair sin do imthigh an spiorad aisde.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí sí g‐á dhéanamh sin ar feadh mórán laethe. Acht do ghoill sin ar Phól, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an spioraid, Órduighim duit i n‐ainm Íosa Críost teacht amach aisti. Agus tháinig sí amach an uair chéadna sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhíodh sí á dhéanamh mórán laethanta. Ach ghoill sin ar Phól, agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leis an sprid, “Ordaím duit in ainm Íosa Críost teacht amach aisti.” Agus tháinig sé amach ar an bpointe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhíodh sí á dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: «Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.» Agus d' imigh sé aisti an nóiméad sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhíodh sí dá dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: “Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.” Agus dʼimigh sé aisti an nóiméad sin.