Acts 16:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus múinid síad órduighe, nach dleisdeanach dhúinne do ghabháil, na do leanmhuin, dó bhrígh gur Romhánuigh sinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus atáid ag múineadh cleachtadh nach dleaghthach dúinne glacadh leo, toisc gur Rómhánaigh sinn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Molann siad dúinn glacadh le nósanna nár dhleathach dúinne a nglacadh ná a gcleachtadh ó táimid inár Rómhánaigh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá gnásanna á bhfógairt acu nach féidir dúinne, Rómhánaigh, glacadh leo ná déanamh dá réir.» Agus thug an slua fúthu chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá gnásanna dá bhfógairt acu nach féidir dúinne, Rómhánaigh, glacadh leo ná déanamh dá réir.” Agus thug an slua fúthu chomh maith.