Acts 16:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ngabháil orrtha go romhór dhóibh, do chuireadar a bpríosún íad, dá áithne dfear coimhéuda an phríosúin a gcoimhéud go ró dhaingean:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar a éis dóibh a lán buille do bualadh ortha, do chuireadar i bpríosún iad, agus d’órduigheadar d’fhear an phríosúin iad do choimhéad go daingean.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí mórán buillí buailte acu orthu, chaith siad isteach i bpríosún iad, ag ordú don séiléir faire mhaith a choinneáil orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus d' ordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus dʼordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean.