Acts 16:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfagháil na háithne sin dósan, do theilg sé íad ann sá phríosún dob fhaide a steach, agus do dhaingnígh sé a gcosa a gceap.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair fuair seisean a leithéid sin d’órdú do chuir sé iad ins an bpríosún b’fhaide isteach, agus chuir sé a gcosa i bhfostodh i gceap.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a fuair an coimeádaí an t-ordú sin, chuir sé iad sa chillín ba fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a fuair an coimeádaí an t-ordú sin, chuir sé iad sa chillín ab fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid.