Acts 16:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dtimcheall mheadhóin oidhche ar ndeunamh urnaighe do Phól agus do Shílas, do chanadar salm dadhmholadh Dé: agus do chúaladar na príosúnuigh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht timcheall uaire an mheadhoin oidhche do bhí Pól agus Sílas ag urnaighe agus ag canadh iomann do Dhia, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo.