Acts 16:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar músgladh do choimhéuduidhe an phríosuin, agus ar bhfaicsin doirrseadh an phríosúin osguilte dhó, ar dtarruing a chloidhimh amach, do smúain sé é féin do mharbhadh, óir do sháoil sé gur éulóigheadar na braighde.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag dúiseacht d’fhear an phríosúin as a chodladh, do chonnaic sé dóirse an phríosúin ar fhoscailt, agus ag tarraing a chlaidhimh dó, bhí sé ar tí é féin do mharbhadh, óir cheap sé gur éaluigh na príosúnaigh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é á cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é dá cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite.