Acts 16:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do ghabh fonn Pól an fearso do bhreith leis na chuideachda; agus ar na bhreith leis dó do thincheallghearr sé é ar son na Níudaidheadh do bhí ann sna háitibh sin: óir do bhí a fhios acá uile gur Ghréugach a athair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí fonn ar Phól go rachadh seisean amach i n‐éinfheacht leis; agus do ghlac sé é agus do thimcheall‐ghearr sé é mar gheall ar na h‐Iúdachaibh do bhí ins na h‐áiteannaibh sin: óir bhí a fhios aca go léir gur Ghréagach a athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhi fonn ar Phól Timótéus a bheith leis; agus ghlac sé é agus thimpeallghearr sé é as siocair na nGiúdach a bhí sna háiteanna úd, mar bhí a fhios acu uile gur Ghréagach a bhí ina athair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Gréagach a athair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Ghréagach a athair.