Acts 16:37 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do fhreaguir Pól doibhsean, Tar éis gabháil oruinn go puibllidhe agus sinn neímhchiontach, agus ar Rómhanachuibh, do theilgeadar a bpríosún sinn; agus an né budh áil léo a nois ar gcur amach ós íseal? ní headh go firinneach; achd teigid féin agus beirid amach sinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt Pól, Do bhuaileadar sinn go poiblidhe, gan triail, agus gur fir Rómhánacha sinn, agus chaitheadar i bpríosún sinn; agus arbh áil leo anois ár gcur amach os íseal? Ní mar sin bhéas; ní h‐eadh, acht tagaidís féin agus beiridís amach sinn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ba é an focal a labhair Pól leo, “Tá siad i ndiaidh ár mbuailte os comhair an phobail; agus ar mhian leo anois ár gcur díobh gan fhios? Agus ní hé sin amháin é ach ár gcur i bpríosún, sinne atá inár saoránaigh Rómhánacha nár cruthaíodh aon choir inár n‑éadan? Ní hea! A chead acu teacht iad féin agus ár dtreorú amach as.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: «Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: “Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.”