Acts 16:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do bhádar na heagluiseadha ar na ndaingnuighadh ann sa chreideamh, agus do bhí a nuimhir ag méudughadh gach éun lá.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus mar sin do bhí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideamh, agus ag dul i méid i n‐aghaidh an lae.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Neartaíodh mar sin le creideamh na n‑eaglaisí, agus iad ag méadú ina líon ó lá go lá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sa tslí sin bhí na hEaglaisí á ndaingniú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sa tslí sin bhí na heaglaisí dá ndaingniú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá.