Acts 17:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an chuideachda do chuáidh lé Pól do thréoraigheadar é go cathuir na Haithne: agus ar bhfagháil áithne dhóibh chum Sílais agus Thimotéus do chum go dtiocfaidís mar is luáithe do fhéudfaidis chuige, dimthigheadar rompa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus na daoine go raibh Pól fá n‐a gcúram aca thugadar leo é chómh fada le Cathair na h‐Aithne: agus tar éis teachtaireacht chum Sílas agus chum Timóteus d’fhágháil ag iarraidh ortha teacht chuige chómh luath agus d’fhéadfaidís, d’imthigheadar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An dream a bhí ag comóradh Phóil thug siad leo é go dtí an Ataen; agus dʼfhill siad ansin le hordú do Shailas agus Thimótéus teacht chuige chomh tiubh géar agus dʼfhéadfaidís.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. D' imigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus a ba fhéidir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. Dʼimigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus ab fhéidir.