Acts 17:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rinneadar feallsamhnuighe áirighe do na Hepicúrachuibh, agus do na Stoicibh, connspóid ris. Agus a dubhradar cuid dhíobh, Cred as áill leis an bhfear mbriosg-ghlórachso do rádh? agus a dubhradar cuid eile, As cosmhuil ris bheith na sheanmóntuidhe ar dhéeibh coimhightheacha: ar son gur sheanmóir sé Iósa, agus a néiseirghe dhóibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhíodh cuid d’fheallsamhnaibh na nEpicúrach agus na Stóiceach ag conspóid leis. Agus adubhairt cuid aca, Créad atá le rádh ag an duine cainnteach so? Adubhairt cuid eile, Is cosmhail gur duine é atá ag fógairt déithe coimhightheach: toisc go raibh sé ag innsint i dtaobh Íosa agus i dtaobh an aiséirghe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhuail fealsúnaigh dʼaicmí na nEpicúréach agus na Stóiceach leis, agus cuid acu á rá, “Cad é a bheadh le rá ag béalastán breacléannta mar é seo?” Agus cuid eile, “Tá an chuma air go bhfuil déithe coimhthíocha á léiriú aige”—mar dʼfhógair sé Íosa agus an t‑aiséirí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: «Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?» Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: «Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuaigh cuid de na fealsúna Eipiciúracha agus cuid de na fealsúna Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é a bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.”