Acts 17:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbreith air, rugadar go Hareopágus é, ag rádh, An bhféudmáoid a fhios dfagháil créd é an teaguisg núadh so, labhrus tusa?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus rugadar air, agus do thógadar é go dtí an t‐Aréopagus, g‐á rádh, An bhféadaimíd a fhios d’fhágháil caidé an teagasc nua so atá agat d’á thabhairt?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghlac siad ansin é gur thug leo go Cnoc Chúirt Arés é, agus gur labhair mar seo leis, “An féidir fios a thabhairt dúinn ar an nuatheagasc sin a mbíonn tú á fhoilsiú?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rug siad air agus sheol chun an Airiopagas é, á rá: «An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rug siad air agus sheol chun an Airéapagas é, dá rá: “An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat?