Acts 17:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír tan an do shiobhail mé ó áit go háit, agus do chunnairc mé bhur neithe náomhtha, fuáir mé altóir áirighe ann a raibh sgriobhtha DON DIA ANAITHNIDH. Ar a nadhbharsin as é an Día sin onórtháoi as gan a fhios aguibh cía hé, atáimsi do cheanmóir dhibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir san tsiubhal dom, agus mé ag féachain ar na neithibh adhras sibh, fuaras altóir ar a raibh an inscríbhinn seo, DO’N DIA ANAITHNID. An té úd adhras sibh gan aithne bheith agaibh air, fógraim daoibh é anois.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar nuair a bhí mé ag siúl thart, ag breathnú na scrínte adhartha atá agaibh, tháinig mé ar altóir a raibh an inscríbhinn seo uirthi, ‘Don Dia anaithnid.’ An Dia sin a dtugann sibh ómós dó gan aithne, is é atá agam á chur in aithne daoibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n-íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: 'In onóir do dhia anaithnid.' An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n-íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: ‘In onóir do dhia anaithnid.’ An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agam-sa daoibh.