Acts 17:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós ní tugthar onóir dhó lé lamhuibh dáoine, amr do bhíadh ríachdanus éinneithe air, óir is é féin do bheir beatha, agus anál, agus gach uile ní do na huile neithibh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus fós ní déantar seirbhís dó le lámhaibh daoine, mar bhéadh gábhadh aige le nidh ar bith, óir is é féin do‐bheir anam, agus anál, agus gach uile nidh do chách;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ná ní bhíonn lámha daoine ag freastal air mar a bheadh easpa aon ní air, ós é a bhronn beatha agus anáil agus gach uile ní ar gach créatúr beo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách.