Acts 17:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rinne sé a nuile cheinél dáoine déunfhuil amháin do chum go naitéochaidis ar dhruím na talmhan uile, agus do chinn sé aimseardha reumhórduighe, agus teóranna a náitreabhaidhsan;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do‐rinne sé ó aon duine amháin an cineadh daonna uile, chum bheith ’n‐a gcómhnaidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé dhóibh a dtréimhse agus a dteoranta;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chruthaigh sé dʼaon mhianach amháin na ciníocha daonna uile le bheith beo ar aghaidh an talaimh uile, agus is é a shocraigh roimh ré na tréimhsí a bhí i ndán dóibh agus na críocha a ndéanfaidís cónaí iontu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaithe ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,