Acts 17:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ar léigean aimseara a nainbhfisi thairis do Dhía; do bheir sé a mois fúagra do nuile dhuine ann gach áonáit aithreachus do dhéunamh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nior agair Dia na tréimhsí seo an aineolais orainn, ach go bhfuil sé anois ag foláireamh do na daoine uile san uile áit aithreachas a dhéanamh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh.