Acts 17:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chreideadar cuid áirighe dhíobh, agus do leanadar do Phól agus do Shílas; agus mar an gcéadna mórán do Ghréugachaibh cráibhtheach, agus do mhnáibh uáisle níar bheag.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí cuid aca do chreid, agus do ghabhadar le Pól agus le Sílas; agus ortha‐san do bhí a lán mór de na Gréagachaibh diadha, agus cuid nár bheag de na mnáibh uaisle.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ghéill cuid acu dá theagasc agus thaobhaigh siad le Pól agus Sailas, iadsan agus mórán dʼfhir chráifeacha na nGréagach agus cuid mhaith de na mná uaisle ab airde céim.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla.