Acts 17:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do ghabh iomthnúdh, na Iúdaidhe nár chreid, agus ag cruinniughadh dhrochdháoine airighe agus chorra-marguidh, do rinneadar cuideachda mhór, agus do bhuáidhreadar an chathuir, agus tangadar a dtimcheall tighe lásoin, ag iarruidh íadsan do thabhairt amach chum an phobuil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do las éad na nIúdach, agus do chruinnigheadar daoine de dhíogha an phobail, agus do bhailigheadar sluagh, agus do chuireadar an chathair i n‐achrann a chéile; agus d’ionnsuigheadar teach Iásóin, ag iarraidh iad‐san do thabhairt amach chum an phobail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach chuir sin formad ar na Giúdaigh, agus fuair siad cuid de dhíogha agus de dhríodar na ndaoine agus thóg siad raic agus chruinnigh daoscarshlua na cathrach agus thug siad ionsaí ar theach Iasóin, agus é ar intinn acu iad a tharraingt amach agus a chaitheamh chuig an daoscarshlua.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt rifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iásóin d' fhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt ruifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iasón dʼfhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail