Acts 18:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír atáimsi maille ríot, agus ní thiocfa duine ar bith ort do dhéunamh uile dhuit: óir atá pobal mór agamsa an sa chathraigh so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir atáim‐se leat, agus ní thiocfaidh aoinneach dod’ ionnsaighe le dochar do dhéanamh dhuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcathair seo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar tá mise ag taobhú leat, agus ní dhéanfaidh aon duine ionsaí ort le dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine agamsa sa chathair seo.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar táimse leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agamsa sa chathair seo.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar táim-se leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agam-sa sa chathair seo.”