Acts 18:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar fanmhuin dó ar feadh tamuill do imthigh sé roimhe, agus do shiobhuil sé a nórdughadh ar feadh chríche na Galátia agus Phrígia, ag neartughadh na ndeísciobal uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí tamall caite aige ansin dʼimigh sé as gur thug sé bualadh éadain ar limistéar Ghalátia agus Phrigia, ag tabhairt misneach croí do na deisceabail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche Ghalaite agus Fhrigia ag treisiú leis na deisceabail go léir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche na Galáite agus na Frigia ag treisiú leis na deisceabail go léir.