Acts 18:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinig Iúdaighe áirighe go Hephesus, dár bhainm Apollos, rugadh a Nalecsándria, fear deaghlabhartha, do bhi cúmhachdach ann sna sgríobtúiribh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig go h‐Eiféis Iúdach amháin darbh ainm Apollós, Alecsandríneach, fear an‐léigheanta, agus eolas mór ar na scrioptúiribh aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig Giúdach a raibh Apollós mar ainm air, arbh é Alecsandria á áit dhúchais, go dtí an Eiféis. Ba dheis-béalach an fear é a raibh eolas cumasach aige ar na scrioptúir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm ‘Apallós’. De thógáil Chathair Alastair ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.