Acts 18:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí an fear so ar na theagusg a slighe an Tighearna; agus ar mbeith dhó ar fiuchadh sa spioruid, do labhuir agus do theaguisg sé go dithcheallach neithe a dtimcheall an Tighearna, agus gan déolus aige achd baisdeadh Eoin amháin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhí an fear so oilte i slighe an Tighearna; agus ó bhí díoghrais croidhe aige, do labhair agus do mhúin sé go cruinn i dtaobh Íosa, gan ar eolas aige acht baisteadh Eoin:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhi sé i ndiaidh fios a fháil ar shlí an Tiarna; agus ó bhí sprid dhíograiseach ann, labhair sé agus mhúin sé go cruinn beacht i dtaobh Íosa, cé nárbh fheasach dó ach baiste Eoin amháin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin.