Acts 18:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thionnsgain sé labhuirt go dána ann sa tsinagóig: agus an tráth do chúaluidh Acuila agus Priscilla é, rugadar léo chuca féin é, agus dfoillsigheadar slighe Dé dhó ní as diongmhála.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do thosnuigh sé ar labhairt go dána san tsionagóig. Acht nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, thugadar leo é, agus do mhínigheadar slighe an Tighearna ní ba chruinne dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thosaigh seisean ar labhairt go dána móruchtúil sa tsionagóg; ach nuair a chuala Priscila agus Acuila é, ghlac siad é agus mhínigh siad slí an Tiarna dó níos cruinne ná mar a bhí sí aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acula é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acúbas é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna.