Acts 18:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tráth do chuireadarsan na aghuidh, agus do labhradar blasphéime, ar gcrothadh a éudaigh dhósan, a dubhairt sé ríu, Bíodh bhur bhfuil ar bhur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas rachuidh mé chum na Gcineadhach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a thosaigh siad ar chur ina éadan agus ar thabhairt masla cainte dó, chaith sé an deannach as a chuid éadaí, agus dúirt sé leo, “Bíodh éiric bhur n‑anamacha oraibh féin! Tá mise saor uirthi. As seo amach rachaidh mé chuig na Gintlithe.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: «Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a thosaigh siad-san dá bhréagnú agus dá cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, dá rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagrach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.”