Acts 18:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chreid Crispus, úachdarán ná sinagóige, maille ré luchd a thighe uile, ann sa Tighearna; agus mórán do na Corintianachuibh ag éisdeachd rís do chreideadar, agus do baisdeadh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chreid Crispus, uachtarán na sionagóige, san Tighearna, é féin agus muinntear a theaghlaigh go léir; agus do chreid mórán de na Coirinnteachaibh do bhí ag éisteacht leis, agus do baisteadh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chreid Criospas, rialtóir na sionagóige, sa Tiarna, é féin agus a theaghlach uile; agus chreid mórán de na Coraintigh a dʼéist le Pól agus baisteadh iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.