Acts 19:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, a nuáir do bhí Apollos a Gcorintus, gur shiobhail Pól tres na rannuibh úachdarácha agus go dtáinic sé go Hephesus: agus ar bhfagháil dheisciobal airighe dhó,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thárla, le linn Apollós bheith i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúthaigh uachtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
San am a raibh Apollós i gCoraint, shiúil Pól trí uachtar na tíre gur tháinig sé go dtí an Eiféis. Tháinig sé ar dhornán bráithre ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Le linn d' Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Le linn dʼApallós a bheith sa Choraint, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe