Acts 19:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A gcrúth go mbeirthí ó na chorp éudaighe lámh nó cinn chum na ndáoine tinn, agus go sgaradh a neasláinte ríu, agus go nimthighdis drochspioruide asda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
i dtreo go mbeirthí ó n‐a cholainn ciarsúirí nó aprúin chum na ndaoine breoite, agus go n‐imthigheadh na h‐aicídí dhíobh, agus go n‐imthigheadh na droch‐spioraidí asta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar bhíodh ciarsúir agus éadaí eile a bhí ar a chorpsan á n‑iompar chuig daoine breoite, agus na haicídí á bhfágáil agus na deamhain ag imeacht astu dá thairbhe sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ciarsúirí agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, d' fhágadh na galair iad agus d' imíodh na spioraid mhallaithe astu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ciarsúir agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, dʼfhágadh na galair iad agus dʼimíodh na spioraid mhallaithe astu.