Acts 19:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dream áirighe do na Iúduidhibh do bhíodh ag siobhal ó áit go háit ag cur spiorad fá gheasuibh, do chuireadar rompa ainm an Tighearna Iósa do ghairm ós cionn na ndáoine ann a mbíodh drochspiorúda, ag rádh, Cuirimid fá gheasuibh sibh tré Iósa do ní Pól a sheanmóir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do bhí cuid de na h‐Iúdachaibh siubhail, lucht deamhan do dhíbirt do bhí ag agairt ainme an Tighearna Íosa ortha‐san go raibh na droch‐spioraidí ionnta, g‐á rádh, Fógraim ort tré Íosa atá Pól do chraobhscaoileadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a ghlac cuid de na Giúdaigh shiúil, lucht deamhain a dhíbirt, orthu féin ainm an Tiarna Íosa a lua os cionn na ndaoine a raibh deamhain ina gcoirp, mar deiridís, “Cuirim ort as ucht an Íosa seo a mbíonn Pól ag seanmóireacht faoi.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuid de na Giúdaigh freisin a bhíodh ag gabháil timpeall ag díbirt na n-ainspiorad, rinne siad iarracht ar ainm an Tiarna Íosa a rá mar bhriocht ar na daoine a raibh na spioraid mhallaithe iontu. «Cuirim oraibh,» a deiridís, «as ucht Íosa Críost a bhíonn á fhógairt ag Pól.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuid de na Giúdaigh freisin a bhíodh ag gabháil timpeall ag díbirt na n-ainspiorad, rinne siad iarracht ar ainm an Tiarna Íosa a rá mar bhriocht ar na daoine a raibh na spioraid mhallaithe iontu. “Cuirim oraibh,” deiridís, “as ucht Íosa Críost a bhíonn dá fhógairt ag Pól.”