Acts 19:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar bhfreagra don drochspioraid a dubhairt sé ríu, Atá éolus ar Iósa agam, agus as aithne dhamh Pól; gidheadh cía sibhsi?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair an droch‐spioraid agus adubhairt sé leo, Atá aithne agam ar Íosa, agus atá aithne agam ar Phól; acht cia sibh‐se?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ba mar seo a dʼfhreagair an drochsprid iad, “Tá aithne agam ar Íosa agus eolas agam faoi Phól; ach cé sibh féin?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach d' fhreagair an spiorad mallaithe iad: «Tá aithne agam ar Íosa agus tá eolas agam ar Phól ach cé sibhse?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach dʼfhreagair an spiorad mallaithe iad: “Tá aithne agam ar Íosa agus tá eolas agam ar Phól ach cé sibh-se?”