Acts 19:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do shaith an duine ann a raibh an drochspiorad orrtha, agus ar na gcláoi dhó, do bhúadhuigh sé orrtha, a gcrúth gur theitheadar créuchdach lomnochd as an dtigh sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an fear ’n‐a raibh an droch‐spioraid, do léim sé ortha, agus fuair sé an lámh láidir ar an mbeirt aca, agus do ghabh sé ortha ar an gcuma sin gur theicheadar as an tigh sin lom‐nocht, créachta. Agus fuair gach duine,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus léim an fear, a raibh an deamhan ann, ina mullach, á gcloí uile, agus ag fáil an lámh uachtair orthu, sa chruth gur theith siad as an teach úd agus iad loite lomnocht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha.