Acts 19:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcríochnúghadh na neitheadhsa, do chuir Pól roimhe ann inntinn, tar éis dul tré Mhacedónia, agus Achaía dhó, dul go Hiarusalém, ag rádh, Tar éis mé bheith ann sin, as éigin damh an Róimh dfheachain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí deireadh leis na neithidh sin, do cheap Pól ’n‐a inntinn gabháil tríd an Mhaiceadóin agus tré Acháia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á rádh, Tar a éis dom bheith annsin, ní mór dom an Róimh d’fheicsint, chómh maith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba i ndiaidh na n‑imeachtaí sin uile a rinne Pól rún, agus an Spiorad á threorú, an Mhacadóin agus Acáia a shiúl ar a bhealach go hIarúsailéim, agus é á rá, “I ndiaidh bheith ansin, caithfidh mé an Róimh a fheiceáil freisin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. «Tar éis dom dul go Iarúsailéim,» ar seisean, «ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí an méid sin curtha i gcríoch aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus na hAcháia agus go rachadh sé as sin go hIarúsailéim. “Tar éis dom dul go hIarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.”