Acts 19:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcur dheisi don mhuinntir do bhíodh ag minisdrálachd dó, eadhon Timotéus agus Erastus don Mhacedonia; dfan sé féin na Násia ar feadh tamuill.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar a éis dó beirt díobh‐san do bhíodh ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do chur go dtí an Mhaiceadóin, d’fhan sé féin tamall san Áise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir sé beirt dá thimirí, Timótéus agus Erastas, go dtí an Mhacadóin, agus dʼfhan sé féin san Áise tamall.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus d' fhan sé féin tamall eile san Áise.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus dʼfhan sé féin tamall eile san Áise.