Acts 19:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do bhí ceard airgid áirighe dár bhainm Demétrius, do níodh teampuill airgid do Dhíana, agus fúair fabhálus nar bheag don luchd céirde.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do bhí fear amháin darbh ainm Demétrius, gabha geal, do bhíodh ag déanamh scrín airgid do Dhiana, agus bhíodh brabach nár bheag ag dul d’á cheárdaidhthibh de bhárr an ghnó;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bhí fear ann darbh ainm Demetrius, a bhí ina ghabha geal, a dhéanadh scrínte airgid dʼArtemis, a thugadh obair go leor do na ceardaithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí gabha geal ann darbh ainm Déimitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhailteacha airgid de theampall Airtimis agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí gabha geal ann darbh ainm Déiméitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhlacha airgid de theampall Artaimís agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe.