Acts 19:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chíthí agus do chluintí, gur fhill an Pólsa lé na bhríathraibh pobal mór, ní hé amháin a Nephesus, achd fós beag nach sa Násia uile, ag rádh nach Déé íad, do nithear lé lámhuibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do‐chí sibh, agus do‐chluin sibh go bhfuil a lán mór daoine iompuighthe ag an bPól so, ní h‐é amháin i nEiféis, acht ar fud na h‐Áise ar fad, g‐á rádh nach déithe ar chor ar bith na déithe do‐ghnítear le lámhaibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus feiceann sibh agus cluineann sibh ar tharla, ní san Eiféis amháin ach ar fud na hAise, go bhfuil go leor daoine ann ar mheall Pól iad leis agus ar chuir sé cluain orthu, agus é á rá nach déithe iad na lámh-dhéithe a dhéantar le lámha daoine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo–agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad–mar go mbíonn sé dá rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.