Acts 19:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní hí ar gcéird amháin as guáis dúinn do theachd chum masla; achd fós teampall na baindée móire Díana do dhul a dtarcuisne, agus go dtiocfadh chum críche go gcuirfí ar gcúl a morrdhachdsa, noch onóruigheas a Násia agus an domhan mór uile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus is baoghal, ní h‐é amháin go dtiocfaidh droch‐chlú ar an gcéird seo againn, acht go ndéanfar beag‐is‐fiú de theampall na bain‐dé móire Diana, agus go rachaidh a mórdhacht ar ceal, ise go bhfuil an Áise uile agus an domhan uile g‐á h‐adhradh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá contúirt ann mar sin, ní hamháin go dtiocfaidh dímheas ar an gceird is againne ach go ndéanfar neamhní de theampall an bhandé mhóir Artemis, agus go dtiocfaidh milleadh uirthi ina gcaillfidh sí a mórgacht, an bandia sin a mbíonn muintir na hAise agus muintir an domhain uile á hadhradh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Artaimís agus go gcaillfidh Artaimís féin a gradam–ban-dia a bhfuil urraim dá tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.”