Acts 19:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí an chathuir uile ar na líonadh do bhúaidhreadh: agus do thiomáineadar déuntoil go háit chruinnighthe an phobail, agus rugadar ar Ghaíus agus ar Aristarcus, Macedónaigh, comhaisdrighe Phóil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí an chathair tré chéile le clampar: agus do ritheadar i n‐éinfheacht isteach san téatar, agus greim aca ar Gháius agus ar Aristárchus, beirt ó’n Mhaiceadóin, comrádaidhthe siubhail do Phól.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin líonadh an chathair uile leis an ngleo; agus thug siad uile le chéile rúchladh isteach san amharclann, ag stróiceadh Ghaius agus Aristarcos leo, daoine as an Macadóin a bhí mar chomhthaistealaithe le Pól.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchas, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.